Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 14:3 - An Bíobla Naofa 1981

Thug Maois a n‑oidhreacht féin don dá threibh go leith lastall den Iordáin, ach níor thug sé aon oidhreacht ina measc do chlann Léiví.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír thug Maóise oighreachd dhá threibhe agus leiththreibh uadh ar an ttáoibh oile do Iordan: achd do na Lebhítibh ní thug sé oighreachd na measg.

Féach an chaibidil



Iósua 14:3
9 Tagairtí Cros  

“Nuair a roinnfidh tú an tír mar oidhreacht trí chrannchur, cuirfidh tú roinn ar leataobh don Tiarna mar thalamh naofa, cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus [fiche] míle banlámh ar leithead. Beidh iomlán na talún seo naofa.


Chloígh Maois óglach an Tiarna agus clann Iosrael iadsan; agus thug Maois óglach an Tiarna a dtailte ina seilbh do na Reúbaenaigh agus do na Gádaigh, agus do leath-threibh Mhanaise.


Treibh Léiví amháin nach bhfuair oidhreacht; (na híobairtí loiscthe do) an Tiarna Iosrael a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.


Ba iad seo a gcríocha: ó Aroéir ar imeall silteáin Arnón, agus an chathair i lár an choma, ardchlár Mhaedabá go léir,


le Heisbeón agus a cathracha go léir ar an ardchlár: Diobón, Bámót Bál, Béit Bál Meón,


Fuair na Reúbaenaigh agus na Gádaigh [mar aon le leath-threibh eile Mhanaise] an oidhreacht a thug Maois óglach an Tiarna dóibh lastall den Iordáin soir amach. Bhronn Maois óglach an Tiarna orthu