Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 13:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Ba iad seo a gcríocha: ó Aroéir ar imeall silteáin Arnón, agus an chathair i lár an choma, ardchlár Mhaedabá go léir,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus do bé a tteóra ó Aroer, atá ar bhrúach na hamhanna Arnon, agus an cathrigh atá a lár na hamhanna, agus réiteach Mhedéba uile;

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 13:16
18 Tagairtí Cros  

Ghabhadar thar Iordáin agus thosaíodar le hAroéir agus leis an gcathair atá i lár an ghleanna, agus ar aghaidh go Gád agus Iazaer.


D'fhostaigh siad tríocha dó míle carbad, agus rí Mhácá agus a chuid fear, agus tháinig siadsan agus shuigh siad a longfort os comhair Mhaedabá; maidir leis na hAmónaigh, chruinníodar le chéile as a gcathracha agus ghluaiseadar ar aghaidh chun catha.


Tá Heisbeon agus Eileálae ag éagaoin, chomh fada le Iahaz tá siad le cloisint. Is uime sin atá corróga Mhóáb ar crith, agus a anam ag creathnú.


Ba é Heisbeon príomhchathair Shíochon rí na nAmórach, an té a chuir cogadh ar chéad rí Mhóáb, agus a bhain a chríocha uile de chomh fada ó bhaile leis an Arnón.


“Nuair a ghabhamar seilbh ar an bhfearann seo ar aghaidh ó Aroéir i nGleann Arnón an uair úd, thug mé do chlann Reúbaen agus do chlann Ghád leath ardchlár Ghileád lena chathracha.


Síochon rí na nAmórach a bhí ag cur faoi i Heisbeón, agus ag rialú ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón - agus com an ghleanna san áireamh - thar leath Ghileád chomh fada le habhainn an Iaboc, teorainn na nAmónach;


Thug Maois oidhreacht do threibh chlann Reúbaen de réir a bhfiní.


le Heisbeón agus a cathracha go léir ar an ardchlár: Diobón, Bámót Bál, Béit Bál Meón,


an dúiche soir óAroéir ar imeall silteán Arnón, agus ón gcathair i lár an choma, agus ardchlár Mheadabá go léir chomh fada le Díobón;


Thug Maois a n‑oidhreacht féin don dá threibh go leith lastall den Iordáin, ach níor thug sé aon oidhreacht ina measc do chlann Léiví.


Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”


Fad a bhí Iosrael ag cur fúthu i Heisbeon agus ina shráidbhailte, nó in Aroéir agus ina shráidbhailte nó in aon cheann de na cathracha ar bhruach na Iordáine (ar feadh trí chéad bliain), cad ina thaobh nár ghnóthaigh sibh na háiteanna sin ar ais i gcaitheamh an ama sin?


do mhuintir Aroéir, do mhuintir Shiofmót, do mhuintir Isteamoa,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí