Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 14:14 - An Bíobla Naofa 1981

Uime sin d'fhan Heabrón i seilbh oidhreachta Chálaeb mac Iafuna an Cinizeach mar go ndearna sé rud ar an Tiarna, Dia Iosrael, go beacht.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Tháinic Hebron ar a nadhbharsin chum bheith na hoighreachd ag Caleb mac Iephunneh an Cenesiteach gus a niugh, do bhrígh gur lean sé go hiomlán an TIGHEARNA Día Israel.

Féach an chaibidil



Iósua 14:14
9 Tagairtí Cros  

“Imigh leat anois,” ar sé leis, “agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.” Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim.


ach thug siad páirceanna agus sráidbhailte na cathrach seo do Chálaeb mac Iafuna.


Ach maidir libhse, bíodh misneach agaibh, ná ligigí do bhur lámha dul i laige, mar gheobhaidh sibh luach bhur saothair.”


Thar ceann treibh Iúdá, Cálaeb mac Iafuna.


Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an Tiarna agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna.


Fuair Iósua seilbh ar an tír ar fad, faoi mar a dúirt an Tiarna le Maois, agus thug sé é d'Iosrael mar oidhreacht de réir mar a bhíodar roinnte ina dtreibheanna. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.


Chuir Iósua a bheannacht ar Chálaeb mac Iafuna agus thug Heabrón dó mar oidhreacht.


Ciriat Arba a bhí mar ainm ar Heabrón roimhe sin. Ba é an fear seo Arba an gaiscíoch ba mhó ag na hAnacaím. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.