Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 14:1 - An Bíobla Naofa 1981

Seo iad na tailte a fuair clann Iosrael mar oidhreacht i dtír Chanán de réir mar a roinneadh orthu ag Eileázár an sagart agus Iósua mac Nún agus cinn finí chlann Iosrael.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus is íad so na tíortha do budh oighreachd do chloinn Israel a ttír Chanaáín, noch do roinn Eleasar an sagart, agus Iosua mac Nun, agus cinn aithreachd threabh chloinne Israel, mar oighreachd dóibh.

Féach an chaibidil



Iósua 14:1
10 Tagairtí Cros  

mac Aibíosúa, mac Phíneachás, mac Eileázár, mac Árón, an t‑ardsagart -


“Nuair a roinnfidh tú an tír mar oidhreacht trí chrannchur, cuirfidh tú roinn ar leataobh don Tiarna mar thalamh naofa, cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus [fiche] míle banlámh ar leithead. Beidh iomlán na talún seo naofa.


Ansin thug Maois ordú do chlann Iosrael á rá: “Sin é an tír atá le roinnt ar cranna agaibh, an tír a d'aithin an Tiarna a thabhairt do na naoi dtreibheanna go leith;


Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:


Agus tar éis dó seacht dtreibh i gCanán a dhíothú thug sé seilbh na tíre dóibh ar feadh timpeall ceithre chéad caoga bliain.


Tá sibh ar tí dul anonn thar an Iordáin agus cur fúibh sa tír atá an Tiarna bhur nDia le tabhairt daoibh mar oidhreacht; tabharfaidh sé suaimhneas daoibh ón bhur naimhde in bhur dtimpeall agus mairfidh sibh slán ó bhaol.


An mhuintir go léir atá ag cur fúthu sna hardáin ón Liobáin siar go Misreafot Maím, na Síodónaigh go léir, tiomáinfidh mé amach iad roimh Iosrael; ach déansa an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael mar oidhreacht, faoi mar a d'ordaigh mé duit.


Sin iad na hoidhreachtaí a rinne Eileázár sagart, Iósua mac Nún, agus ceann gach fine a dháileadh ar cranna ar na treibheanna i Sileo i láthair an Tiarna, ag doras Bhoth na Teagmhála. B'shin é an clabhsúr acu ar roinnt na críche.


Ansin tháinig ceannairí finí na Léivíteach go hEileázár sagart agus go Iósua mac Nún, agus go ceannairí finí threibheanna Iosrael -