Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 14:1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus is íad so na tíortha do budh oighreachd do chloinn Israel a ttír Chanaáín, noch do roinn Eleasar an sagart, agus Iosua mac Nun, agus cinn aithreachd threabh chloinne Israel, mar oighreachd dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Seo iad na tailte a fuair clann Iosrael mar oidhreacht i dtír Chanán de réir mar a roinneadh orthu ag Eileázár an sagart agus Iósua mac Nún agus cinn finí chlann Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 14:1
10 Tagairtí Cros  

Mhic Abisua, mhic Phinehas, mhic Eleasar, mhic Aáron an tárdshagart:


Tuilleamh oile, an tan roinnfidhe le crannchar an tír mar óighreacht, ofráilfidhe ofráil don TIGHEARNA, roinn náomhtha do nfearann: budh é a fhad cúig míle fhithchiod slat, agus budh é a leithead deich míle. Agus biáidh so náomhtha iona uile theorannuibh timchioll fa ccuáirt.


Agus do aithin Maóise do chloinn Israel, ghá rádh, Sí so an dúthuigh do gheabhtháoi a noighreachd le cranchar, noch do aithin an TIGHEARNA do thabhairt do na náoi ttreabhuibh, agus don leith threibh:


¶ Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, ghá rádh,


Agus ar sgrios dó na seachd gcineadhach a dtír Chánaan, do roinn sé ré crannchar a bhfearann dóibh.


Achd a núair reachdaói a nonn tar Iordan, agus áitreochthaói annsa bhfearann do bheir an TIGHEARNA bhur Ndía dhaóibh mar oighreachd, agus a núair do bhéara suaimhneas daóibh ó bhur naimhdibh uile ar gach ean taobh fá gcúairt, chor go náitreochthaoi go suaimhneach:


Dúthchusuigh thíre na ccnoc uíle ó Lebanon go Misrepot‐maim, agus na Sidónianuigh uile, cuirfe mé íad sin amach roimhe chloinn Israel: amhaim roinnsi le crannchar é do Israel mar oighreachd, mar do aithin misi dhíot.


Síad so na hoighreachda, do ranu Eleásar an sagart, agus Iosua mhac Nun, agus cinn aithreadh threibhe chloinne Israel, mar oighreachd le crannchar a Síloh a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA, ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh. Mar sin do chriochnuigheadar roinn na tíre.


Ann sin tangadar cinn aithreadh na Lebhíteach a lathair go Heléasar an sagart, agus go Iosua mhac Nun, agus go ceannuibh aithreadh threibhe chloinne Israel;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí