San earrach chruinnigh Bein Hadad na hArámaigh agus ghabh suas go hAfaec chun troid in aghaidh Iosrael.
Iósua 13:4 - An Bíobla Naofa 1981 laisteas). Dúiche uile na gCanánach ó Ará atá i seilbh na Síodónach go hAfaec agus go teorainn na nAmórach, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) On taóibh ó dheas, dúithche na Gcanaaníteach uile, agus Méarah atá re táobh na Sidoníanach, go Haphec, go himlibh na Namoriteach: |
San earrach chruinnigh Bein Hadad na hArámaigh agus ghabh suas go hAfaec chun troid in aghaidh Iosrael.
Theith an chuid eile isteach i gcathair Afaec, ach thit na ballaí anuas ar an bhfiche seacht míle a bhí fágtha. Theith Bein Hadad freisin agus fuair dídean i seomra cúil sa chathair.
Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia le Iarúsailéim: Is de thír na gCanánach do bhunadh agus do bhreith; ba Amórach d'athair agus Hiteach do mháthair.
Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipte agus threoraigh daichead bliain san fhásach sibh chun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht.
Fuair Iósua an lámh in uachtar ar an gcuma sin ar an tír ar fad - na hardáin, an Neigib, na hísleáin, na fánaí, agus a ríthe go léir; níor fhág sé duine beo, agus chuir sé gach dúil bheo faoin mbang mar a d'ordaigh an Tiarna, Dia Iosrael.
go dtí na Canánaigh thoir agus thiar, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh sna sléibhte, agus na Hivigh faoi scáth Hearmón i Mizpeá.
Agus ghabh briathar Shamúéil amach go hIosrael go léir. [Ach bhí Éilí an-aosta, agus lean a chlann mhac orthu lena gcoirpeacht in aghaidh an Tiarna.] [Tharla gur thionóil na Filistínigh an uair sin chun troid in aghaidh Iosrael] agus chuaigh Iosrael amach chun catha in aghaidh na bhFilistíneach agus shuíodar a gcampa láimh le hEibin Eizir, agus a gcampa ag na Filistínigh ag Afaec.