Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Amos 2:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipte agus threoraigh daichead bliain san fhásach sibh chun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Thug mé sibhsi fós súas as crích na Hégipte, agus do thréoruigh mé sibh ceathrachad blíadhan thríd an bhfásach, do shealbhughadh dúithche an Amorítigh.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 2:10
26 Tagairtí Cros  

Chothaigh tú iad ar feadh daichead bliain san fhásach; Ní raibh aon ní de dhíth orthu; Ní dheachaigh caitheamh ar a gcuid éadaigh, Ná at ar a gcosa.


Ar feadh daichead bliain ba ghráin liom an ghlúin sin agus dúirt mé: ‘Is seachránach a gcroí siúd; is pobal iad nach eol dóibh mo shlite.’


Agus an lá sin féin thug an Tiarna clann Iosrael amach as tír na hÉigipte ina sluaite cóirithe.


“Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.


Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach.


Ní dúirt siad riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna, a thug aníos sinn as tír na hÉigipte, a threoraigh sinn tríd an bhfiántas, trí fhearann lom fásaigh, tír thriomaigh dhorcha, tír nach siúlann aon taistealaí agus nach bhfuil cónaí duine ann?’


Threoraigh mé iad amach as tír na hÉigipte agus isteach san fhásach.


Éist leis an mbriathar seo a labhair an Tiarna i d'aghaidh, a phobal Iosrael, in aghaidh na clainne go léir a thug mé aníos ó thír na hÉigipte:


“Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach, a chlann Iosrael,” a deir an Tiarna. “Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt, nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftór agus na hAramaeigh ó Chír?


Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú; mise a d'fhuascail thú as teach na daoirse. Chuir mé Maois os do chionn agus Árón agus Miriám in éineacht leis.


Ansin chromadar ar thromaíocht le clann Iosrael ar an tír a bhí braite acu: “An tír a ndeachamar ag taiscéaladh air, is tír é a alpann lucht a áitrithe. Bhí toirt ainspianta i ngach fear dá bhfacamar ann.


Ghabh Iosrael na cathracha seo go léir agus chuir Iosrael fúthu i gcathracha uile na nAmórach, i Heisbeon agus in gach baile dá chuid.


Las fraoch feirge an Tiarna in aghaidh Iosrael agus chuir sé le fán iad san fhásach ar feadh daichead bliain, go dtí gur díothaíodh an ghlúin a pheacaigh i láthair an Tiarna.


agus [sholáthraigh] sé dóibh ar feadh daichead bliain san fhásach.


Ach d'iompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe: ‘Ní domsa a thug sibh tíolacthaí agus íobairt ar feadh daichead bliain san fhásach, a theaghlach Iosrael;


Bhur miondaoine leis, iad siúd a dúirt sibh a ghabhfaí mar chreach, agus nach bhfuil fios na maitheasa agus an oilc fós acu, rachaidh siadsan ansiúd isteach; tabharfaidh mé dóibh é agus beidh sé ina seilbh acu.


Chuir an Tiarna bhur nDia a bheannacht ort i mbun do ghnothaí go léir; choimeád sé a shúil oraibh agus sibh ag gabháil tríd an bhfásach fairsing seo; bhí an Tiarna do Dhia in do choimhdeacht an daichead bliain sin; ní raibh aon ní riamh de dhíth ort.’


laisteas). Dúiche uile na gCanánach ó Ará atá i seilbh na Síodónach go hAfaec agus go teorainn na nAmórach,


Thug mé ina dhiaidh sin sibh go críoch na nAmórach, cine a bhí lonnaithe ar an taobh thall den Iordáin. Throid siadsan libh agus thug mé ar láimh daoibh iad ionas gur ghlac sibh seilbh ar a dtír mar gur scrios mé romhaibh iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí