Ar theacht na bliana úire, an t‑am is gnách le ríthe dul ag cogaíocht, chuir Dáiví Ióáb amach agus a sheirbhísigh féin agus pobal Iosrael ar fad in éineacht leis. Rinne siad ár ar na hAmónaigh agus chuir siad Rábá faoi léigear. Ach d'fhan Dáiví in Iarúsailéim.
Agus leis na Heabrónaigh: Iríá an taoiseach. Sa daicheadú bliain de réimeas Dháiví, rinneadh iniúchadh ar ghinealach na bhfiní Heabrónach, agus aimsíodh fir chumasacha leo ag Iazaer i nGileád.
Óir tá tailte Heisbeon faoi chrann smola agus fíniúin Shibmeá, a mbeireadh a gcrobhaingí bua ar thiarnaí na náisiún. Shroiseadh siad fhad le Iazaer, bhíodh siad spréite amach chomh fada leis an bhfásach; bhí a gcraobhacha ag leathadh amach thar farraige anonn.
Golaim ar do shon níos mó ná ar son Iazaer, a fhíniúin Shuibmeá; shín do chuid buinní thar farraige, an bealach ar fad go Iazaer. Tá an scriosadóir tagtha ar do thorthaí fómhair, ar thorthaí d'fhíniúna.
Chuir Maois uaidh lucht taiscéalaithe ar Iazaer, agus ghabh Iosrael seilbh air féin agus ar na bailte go léir a bhí faoi, agus chuir sé na hAmóraigh go léir a bhí ann as seilbh.
agus déanamh ar theorainn chlann Amón. Ná déanaigí ionsaí orthu ná iad a ghriogadh; óir ní thabharfaidh mé aon phioc de thailte chlann Amón daoibh, mar thug mé é mar shealúchas do chlann Lót.’
(Bá é Óg rí Bháiseán an duine deireanach d'fhuíoll na Rafáím; ba leaba iarainn a leaba, agus nach í atá le feiceáil i Raba na nAmónach? - í naoi mbanlámh ar fad agus ceithre bhanlámh ar leithead, de réir bhanlámh fir.)
D'fhan Gileád thar Iordáin. Cad ab áil le Dán a bheith i measc loingeas na gcoimhthíoch? Shuigh Áiséar go sochma ar fheorainn na farraige, Ag cur faoi go síochánta ag a chalaí.