Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 48:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 Golaim ar do shon níos mó ná ar son Iazaer, a fhíniúin Shuibmeá; shín do chuid buinní thar farraige, an bealach ar fad go Iazaer. Tá an scriosadóir tagtha ar do thorthaí fómhair, ar thorthaí d'fhíniúna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 O a fhíneamhnin Shibmah, guilfidh mé ar do shon maille re gul Iaser: do chuáidh do phlanndadha thar fairge, roichid go fairge Iaser: do thuit an creachadóir ar do thóirthe samhraidh agus ar thoradh thfíneamhan.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 48:32
13 Tagairtí Cros  

Maidir liom féin, déanfaidh mé cónaí anseo i Miozpá mar is mé a bheidh freagarthach do na Caildéigh nuair a thiocfaidh siad chugainn; ach, sibhse, cruinnígíse an barr fíniúna, torthaí samhraidh agus ola; líonaigí bhur soithí agus cuirigí fúibh sna bailte is rogha libh.”


Tháinig scriosadóir Mhóáb anuas air; chuaigh togha a dhaoine óga síos chun an áir.


Tar anuas ó do ghlóir, suigh san [aoileach], a iníon a chónaíonn i nDíobón, slán sábháilte sa bhaile; tá scriosadóir Mhóáb tagtha ort; tá do dhaingin tógtha aige.


Tiocfaidh an scriosadóir ar gach uile bhaile, ní rachaidh aon duine slán; creachfar an gleann, scriosfar an machaire; fógraíonn an Tiarna é!


Chuir Maois uaidh lucht taiscéalaithe ar Iazaer, agus ghabh Iosrael seilbh air féin agus ar na bailte go léir a bhí faoi, agus chuir sé na hAmóraigh go léir a bhí ann as seilbh.


Bhí táinte móra de bha breátha ag clann Reúbaen agus ag clann Ghád. Chonaiceadar anois gurb an-áit do stoc dúiche Iazaer agus dúiche Ghileád.


“Dúiche Atárot agus Díobon agus Iazaer agus Nimreá agus Heisbeon agus Eileálae agus Seabám agus Neabó agus Beon,


agus Atrot Siófán agus Iazaer agus Iogbahá,


agus Neabó agus Bál Meón (athraíodh a n‑ainmneacha seo) agus Sibmeá. Thugadar ainmneacha ar na cathracha a thógadar.


Ciriataím, Suibmeá agus Zeirit Seahar ar ardáin an ghleanna;


Sé fearann a fuaireadar: Iazaer, cathracha uile Ghileád, leath-dhúiche na nAmónach, chomh fada le hAroéir sall os coinne Rabá,


Heisbeon lena thalamh féaraigh, Iazaer lena thalamh féaraigh - ceithre cathracha ar fad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí