Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 17:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Beidh a cuid bailte tréigthe go deo, agus tréada ag iníor ina n‑áit; luífidh siad síos iontu gan duine lena ruaigeadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Do treigeadh caithreacha Aroer: béid fáoi thréaduibh luighfios síos, agus ní chuirfidh áonduine eagla orra.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 17:2
17 Tagairtí Cros  

Luífidh tú síos, gan eagla aon duine ort, Ach a lán ar thóir do ghnaoi.


óir tá an chathair dhaingean ina fásach, tá sí tréigthe dearóil mar bheadh díthreabh ann. Is ann a thagann an tréad ag iníor, is ann a luíonn siad fúthu agus a chrinneann na craobhacha.


Beidh uain ag iníor mar bheadh siad ar thalamh féaraigh, beithígh bheathaithe agus mionnáin ag innilt i measc na bhfothracha.


Sa lá sin, tógfaidh gach duine aon bhó amháin agus dhá chaora,


agus de bharr flúirseacht an táil, bia bleachta agus mil a chothóidh a bhfuil fágtha sa tír.


A lucht cónaithe Aroéir, seasaigí sa tslí, déanaigí faire. Fiafraígí den teifeach, den té i mbun reatha, fiafraígí: ‘Céard a tharla?’


beidh corpáin na ndaoine seo ina mbia ag éanlaith an aeir agus ag beithígh na talún, agus ní bheidh fear a ruaigthe ann.


Déanfaidh mé páirc innilte do na camaill as Rábá agus banrach do chaoirigh as bailte Amón. Tuigfidh sibh ansin gur mise an Tiarna.


Déanfaidh siad dearmad den náire agus den fheall go léir a chleacht siad liom agus iad ina suí go suaimhneach ina dtír féin gan eagla.


Beidh an uile dhuine ina shuí faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí agus ní chuirfidh aon fhear eagla orthu. Is é béal Tiarna na Slua a dúirt é.


Déanfar bánta díot, talamh féaraigh aoirí, agus cróite caorach.


Thóg clann Ghád Díobon agus Atárot agus Aróéir,


Ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón, agus ón gcathair i dtóin an chumair, ar aghaidh go Gileád, ní raibh cathair thar ár gcumas; thug an Tiarna ár nDia iad go léir ar láimh dúinn.


“Nuair a ghabhamar seilbh ar an bhfearann seo ar aghaidh ó Aroéir i nGleann Arnón an uair úd, thug mé do chlann Reúbaen agus do chlann Ghád leath ardchlár Ghileád lena chathracha.


Ba iad seo a gcríocha: ó Aroéir ar imeall silteáin Arnón, agus an chathair i lár an choma, ardchlár Mhaedabá go léir,


Sé fearann a fuaireadar: Iazaer, cathracha uile Ghileád, leath-dhúiche na nAmónach, chomh fada le hAroéir sall os coinne Rabá,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí