Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 17:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Tá Eafráim ag dul a dhúnphort a chailliúint, agus an Damaisc a réimeas; caithfear le fuílleach Arám mar a chaithfear le glóir chlann Iosrael. Briathar Thiarna na Slua.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Coisgfidh fós an daingean ó Ephraim, agus an ríoghachd ó Dhamascus, agus an fuighioll ó Shíria: béid síad mar ghlóir chloinne Israel, a deir TIGHEARNA na slógh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 17:3
27 Tagairtí Cros  

Thug rí na hAsaíre cluas dó agus ghluais in aghaidh na Damaisce agus ghabh í. Dhíbir sé muntir na cathrach go Cír agus chuir Reizín chun báis.


Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.


Nach ionann Hamát agus Arpád? nó an tSamáir agus an Damaisc?


Ach anois deir sé: “I gcionn trí bhliain, ag áireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, beidh maise agus mórgacht Mhóáb ina ndíol tarcaisne d'ainneoin líon a mhuintire, agus beidh a bhfuílleach tearc, tanaí, gan acmhainn.”


Sa lá sin beidh claochlú ar ghlóir Iacóib; beidh a shaill go trua tairteolach.


Óir d'fhág tú cathracha ina gcarnáin chloch agus bailte poirt ina gconamar. Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach, ní dhéanfar a atógáil arís go deo.


Óir sula mbeidh fhios ag an bpáiste seo diúltú don olc agus an mhaith a roghnú, beidh an tír úd ina díthreabh, agus eagla ortsa anois roimh a beirt rí.


Is í an Damaisc ceann Arám, agus Reizín, ceann na Damaisce; Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta, beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos,


óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ‘daidí’ na ‘mamaí’ a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.”


“Tabhair Izréil mar ainm air,” arsa an Tiarna leis ansin, “mar i gceann tamaillín eile imreoidh mé díoltas ar theaghlach Iéahú in éiric fhuil Izréil agus cuirfidh mé deireadh le réimeas theaghlach Iosrael.


Gabh sí gin arís agus rug iníon. “Tabhair Neamh-Mhuirneach mar ainm uirthi,” ar seisean leis, “mar ní díol trócaire liom teaghlach Iosrael a thuilleadh; ní hea, is amhlaidh a bheidh dearg-ghráin agam orthu feasta.


éireoidh gleo an chogaidh i measc do mhuintire, agus scriosfar do dhúnta uile, mar a scrios Sealman Béit Arabael lá an chatha, nuair a rinneadh smidiríní den mháthair agus dá clann.


Mar ar feadh mórán laethanta fágfar clann Iosrael gan rí, gan flaith, gan íobairt, gan liagán, gan éafód, gan íola tí.


Tá Iosrael féin slogtha siar! Siúd i measc na náisiún iad anois amhail soitheach gan mhaith.


Tá acmhainn Eafráim ag eitilt uaithi mar éan, agus beidh sí gan bhreith, gan bhroinn, gan ghin.


An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire agus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!, go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”, titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí