Beala mac Ázáz, mac Sheama, mac Ióéil. Chuir Reúbaen faoi in Aroéir, agus leath go Neabó agus Bál Meón.
Iósua 13:17 - An Bíobla Naofa 1981 le Heisbeón agus a cathracha go léir ar an ardchlár: Diobón, Bámót Bál, Béit Bál Meón, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Hesbon, agus a caithreacha uile atá annsa reiteach; Díbon, agus Bamot‐baal, agus Bet‐baal‐meon, |
Beala mac Ázáz, mac Sheama, mac Ióéil. Chuir Reúbaen faoi in Aroéir, agus leath go Neabó agus Bál Meón.
agus i sráidbhailte faoin tuath ina ndúichí féin. Chuir cuid de chlann Iúdá fúthu i gCiriat Arba agus ina shráidbhailte máguaird, i nDíobón agus ina shráidbhailte máguaird, i Iacabzael agus ina shráidbhailte,
Tar anuas ó do ghlóir, suigh san [aoileach], a iníon a chónaíonn i nDíobón, slán sábháilte sa bhaile; tá scriosadóir Mhóáb tagtha ort; tá do dhaingin tógtha aige.
Tiocfaidh an scriosadóir ar gach uile bhaile, ní rachaidh aon duine slán; creachfar an gleann, scriosfar an machaire; fógraíonn an Tiarna é!
dá bhrí sin, gearrfaidh mé trí theorainn chnocach Mhóáb agus scriosfaidh mé na cathracha sa dúiche, ábhar mórtais na tíre, Béit Isimiot, Bál Meón agus Ciriataím.
Ba é Heisbeon príomhchathair Shíochon rí na nAmórach, an té a chuir cogadh ar chéad rí Mhóáb, agus a bhain a chríocha uile de chomh fada ó bhaile leis an Arnón.
Scrios Heisbeon na leanaí chomh fada le Díobon, na mná chomh fada le Nofach, [na fir] chomh fada le Maedabá.”
Lá ar na mhárach rug Bálác Balám suas go Bámót Bál agus ón áit sin bhí radharc aige ar an gcuid ba chongaraí den phobal.
agus Neabó agus Bál Meón (athraíodh a n‑ainmneacha seo) agus Sibmeá. Thugadar ainmneacha ar na cathracha a thógadar.
Ba iad seo a gcríocha: ó Aroéir ar imeall silteáin Arnón, agus an chathair i lár an choma, ardchlár Mhaedabá go léir,
Thug Maois a n‑oidhreacht féin don dá threibh go leith lastall den Iordáin, ach níor thug sé aon oidhreacht ina measc do chlann Léiví.
Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”
Fad a bhí Iosrael ag cur fúthu i Heisbeon agus ina shráidbhailte, nó in Aroéir agus ina shráidbhailte nó in aon cheann de na cathracha ar bhruach na Iordáine (ar feadh trí chéad bliain), cad ina thaobh nár ghnóthaigh sibh na háiteanna sin ar ais i gcaitheamh an ama sin?