D'éirigh Iacób an oíche sin féin agus thug leis a bheirt bhan, a bheirt ionailt, a leanbh is deichniúr agus ghabh thar áth an Iaboc.
Iósua 12:2 - An Bíobla Naofa 1981 Síochon rí na nAmórach a bhí ag cur faoi i Heisbeón, agus ag rialú ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón - agus com an ghleanna san áireamh - thar leath Ghileád chomh fada le habhainn an Iaboc, teorainn na nAmónach; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Sihon rígh na Námoríteach, noch do áitreibh ann Hesbon, agus do ríaghluidh ó Aroer, noch atá ar bhrúach na habhann Arnon, agus ó lár na habhann, agus ó leath Ghílead, gus a nabhuinn Iabboc, noch bá téora chloinne Ammon; |
D'éirigh Iacób an oíche sin féin agus thug leis a bheirt bhan, a bheirt ionailt, a leanbh is deichniúr agus ghabh thar áth an Iaboc.
Beala mac Ázáz, mac Sheama, mac Ióéil. Chuir Reúbaen faoi in Aroéir, agus leath go Neabó agus Bál Meón.
Thug tú dóibh ríochtaí agus pobail, Agus bhronn tú gach feorann orthu; Ghabh siad seilbh ar chríocha Shíochon rí Heisbeon, Agus ar chríocha Óg rí Bháiseán.
Síochon, rí na nAmórach agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán, agus ríthe Chanán go léir.
A lucht cónaithe Aroéir, seasaigí sa tslí, déanaigí faire. Fiafraígí den teifeach, den té i mbun reatha, fiafraígí: ‘Céard a tharla?’
Bhí an lámh uachtair faighte aige ar Shíochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon, agus ar Óg rí Bháiseán a chónaigh in Aisteárot agus in Eidreí.
D'fhreagair rí na nAmónach teachtairí Iaftá: “Mar, nuair a bhí Iosrael ag teacht as an Éigipt, ghabhadar seilbh ar mo thírse ón Arnón go dtí an Iaboc, agus go dtí an Iordáin. Tabhair ar ais é go síochánta anois, dá bhrí sin.”
agus ghabh seilbh ar chríocha uile na nAmórach ó Arnón go Iaboc agus ó fhásach go Iordáin.