Ná bíodh m'anam páirteach ina gcomhairlí; nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar, óir mharaíodar daoine le teann feirge agus speireadar daimh le barr buile.
Iósua 11:9 - An Bíobla Naofa 1981 Rinne Iósua leo mar a d'ordaigh an Tiarna; ghearr sé speireacha a n‑each agus dhóigh sé a gcarbaid. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do rinne Iosua riú mar a dubhairt an TIGHEARNA ris: do ghéarr sé ioscada a neach, agus do loisg sé a gearbuid ré teinidh. |
Ná bíodh m'anam páirteach ina gcomhairlí; nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar, óir mharaíodar daoine le teann feirge agus speireadar daimh le barr buile.
Ghabh Dáiví míle seacht gcéad carbadóir agus fiche míle troitheach; ghearr Dáiví speireacha seisreacha na gcarbad, ach céad díobh.
Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne: briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna, loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.
Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna. Líonadh sé a uaimheanna lena chreach, agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.
Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu siúd, mar an taca seo amárach fágfaidh mé iad go léir treascartha os comhair a súl ag Iosrael; déan speireacha a n‑each a ghearradh agus tine a chur lena gcarbaid.”