Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 11:4 - An Bíobla Naofa 1981

Chuireadar chun bealaigh lena sluaite go léir, iad líonmhar mar ghaineamh na trá, le capaill agus carbaid gan áireamh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Agus do chuadar amach, íad féin agus a slóigh uile maille ríu, moran daóine, mar an ngaineamh atá ar thráighe na fairge ar iomadamhlachd, maille re marcshlúagh agus ro mhórán carbad.

Féach an chaibidil



Iósua 11:4
8 Tagairtí Cros  

dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde.


Gheall tú féin dom: ‘Cuirfidh mé bail ort agus déanfaidh mé do shliocht chomh líonmhar le gaineamh na trá nach féidir a áireamh ar a líonmhaire.’ ”


Sé mo chomhairlese duit: Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba a thionól i do thimpeall, agus iad chomh líonmhar le gaineamh na trá: agus tú féin a dhul chun catha chomh maith.


Bhí Iúdá agus Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá; bhí bia agus deoch acu agus mhaireadar go sasta.


Bíonn dóchas droinge i gcarbaid agus dóchas droinge eile in eachra; cuirimidne, áfach, ár ndóchas in ainm an Tiarna, ár nDia.


Tháinig na ríthe seo go láthair choinne agus chomhdhála agus shuíodar a gcampaí le hais a chéile ag uiscí Mhaeróm chun troid in aghaidh Iosrael.


Bhí Midián agus Amáiléic agus muintir an Oirthir go léir leata ar fud an choma mar lócaistí le líonmhaire; bhí líon gan áireamh de chamaill acu, mar ghaineamh na trá le líonmhaire.


Thionóil na Filistínigh tríocha míle carbad, sé mhíle marcach, agus slua chomh líonmhar le gaineamh na trá chun troda in aghaidh Iosrael. Thángadar aníos agus shuíodar a gcampa i Micmeáis lastoir de Bhéit Ávan.