Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 1:2 - An Bíobla Naofa 1981

“Tá Maois m'óglach tar éis bháis. Éirigh dá bhrí sin agus thar an Iordáin seo anonn leat, thú féin agus an pobal seo go léir, agus isteach leat sa tír atá á thabhairt agam dóibhsean, do chlann Iosrael.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Déug Maóise mó sherbhíseach; a nois ar a nadhbhar sin éirigh, imthigh a nonn tar an Iordáinse, thú féin, agus an pobalsa uile, don tír do bheirimse dhóibh, eadhon do chloinn Israel.

Féach an chaibidil



Iósua 1:2
13 Tagairtí Cros  

Agus tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht i do dhiaidh tír do dheoraíochta, tír Chanán go léir, i do sheilbh go brách agus beidh mé féin i mo Dhia acu.”


Chuir tú an rath ar a sliocht Mar a bheadh réaltaí nimhe Agus threoraigh tú isteach iad Sa tír a dúirt tú lena sinsir a ghabháil agus a shealbhú.


Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é, tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t‑olc.”


Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.


Ach ní amhlaidh le Maois mo shearbhónta; Mo theach is baile dó;


Tabhair do threoracha do Iósua; tabhair misneach agus fuinneamh dó; óir eisean is ea a rachaidh sall ar cheann a phobail agus is é a thabharfaidh seilbh dóibh ar an tír ar a bhfaighidh tú radharc.’


Ansin ghlaoigh Maois ar Iósua agus dúirt leis i bhfianaise Iosrael go léir: “Bíodh neart ionat, agus misneach agat; tá tú ag dul isteach leis an bpobal seo sa tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh; tabharfaidh tú ina seilbh dóibh é.


Ansiúd i dtír Mhóáb, fuair Maois searbhónta an Tiarna bás faoi mar a d'achtaigh an Tiarna,


Tar éis bháis do Mhaois óglach an Tiarna, dúirt an Tiarna le Iósua mac Nún, feidhmeannach Mhaois:


‘Ullmhaígí lón daoibh féin. Faoi cheann trí lá rachaidh sibh thar Iordáin anseo ar an tslí isteach chun seilbh a fháil ar an tír atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt daoibh in bhur seilbh.’ ”