Fógrófar d'oibreacha ó ghlúin go glúin agus foilseofar do chumhacht mar an gcéanna.
Ióéil 1:3 - An Bíobla Naofa 1981 Insígí do bhur gclann é agus insíodh bhur gclann dá sliocht féin é agus insíodh a sliochtsan é do ghlúin eile fós. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Innisidh dá bhur ccloinn é, agus innisiodh bhur cclannsa dá ccloinn féin, agus a cclannsan do ghinealach oile. |
Fógrófar d'oibreacha ó ghlúin go glúin agus foilseofar do chumhacht mar an gcéanna.
I mo sheanóir liath dom anois, ná déan mé a thréigean, a Dhia, chun go bhfoilseoidh mé do chumhacht don ghlúin seo agus do chumas dá bhfuil le teacht.
Nuair a chuirfidh do mhac ceist chugat san am atá romhat: ‘Cén chiall atá leis seo?’ déarfaidh tú leis: ‘Thug an Tiarna amach sinn ón Éigipt, ó theach na daoirse;
An beo, an beo amháin a cheiliúrann thú, mar a dhéanaim féin inniu. Athair mé ag meabhrú do dhílseachta dá chlann.
Déan iad a theagasc go dúthrachtach do do chlann, agus iad a aithris dóibh i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit.