Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 8:6 - An Bíobla Naofa 1981

Má bhíonn tú íon ionraic, Ansin músclóidh sé ar do shon, Agus deiseoidh sé áitreabh d'fhíréantachta.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Dá mbeithéa fíorghlan agus ceart; go deimhin do mhúisgeoladh sé anois air do shon, agus do dhéanadh áitreabh hionuracuis sona.

Féach an chaibidil



Iób 8:6
20 Tagairtí Cros  

Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é, tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t‑olc.”


Má bhíonn an t‑olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é, Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth -


Cé nach bhfuil an lámh láidir ag roinnt liom, Agus gur íon í mo phaidir.


I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé] Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.


Beidh a fhios agat go bhfuil do bhoth slán, Agus fiosróidh tú do chró agus ní bheidh aon ní ar iarraidh.


Agus chúitigh an Tiarna m'fhíréantacht liom de réir glaine mo lámh ina láthair.


Ar do shonsa tugtar ár n‑ár ar feadh an lae agus meastar sinn mar chaoirigh atá le bású.


go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm, go ngabha sé de chosa i m'anam, is go leaga sé m'oineach sa luaithreach.


Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.


Tá mallacht an Tiarna ar theach an drochdhuine, ach cuireann sé a bheannacht ar áitreabh na bhfíréan.


Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha, iompaím mo shúile uaibh. A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht. Tá bhur lámha lán fola.


Abraigí: “Is méanar don fhíréan, mar íosfaidh sé toradh a ghníomhartha;


Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?


Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go mbeadh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas.