Maidir leat féin, imeoidh tú chun d'aithreacha i síocháin; beidh aois mhór agat ag dul faoin gcré duit.
Iób 5:26 - An Bíobla Naofa 1981 Rachaidh tú isteach i d'uaigh i bhfómhar aibí do bhlianta, Mar a bhíonn ag an bpunann arbhair sa chruach i dtráth. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tiucfuidh tú chum huáighe a naóis iomláin, amhuil thig síog arbha a steach a nam iomchubhaidh. |
Maidir leat féin, imeoidh tú chun d'aithreacha i síocháin; beidh aois mhór agat ag dul faoin gcré duit.
Chuaigh sé in éag agus tháinig an bás air i bhfómhar a sheanaoise agus é ina sheanduine fadsaolach agus cruinníodh chun a mhuintire é.
Féach, rinneamar é seo a iniúchadh; mar sin atá; Éist leis; tabhair aird go maith air.
Déanfaidh mé é a shásamh le fad saoil a thabhairt dó; agus déanfaidh mé mo shlánú a nochtadh dó.
I do thír ní scarfaidh bean lena leanbh ná ní bheidh aon aimrid ann; comhlíonfaidh mé líon do laethanta.
Cuirfear breis le líon do laethanta tríomsa, agus cuirfear blianta le fad do shaoil.
Ní bheidh níos mó ann naíonán nach maireann ach beagán laethanta ná seanduine nach dtugann a sheal. An té a mhaireann céad bliain, ní bheidh ann ach ógánach; agus an té nach maireann an céad, beidh sé amuigh air gur faoi chrann smola a bhí sé.
Bhí Maois céad agus a fiche bliain d'aois nuair a fuair sé bás; ní raibh a radharc teipthe ná a bhrí tráite.