Ach féach! níl sa mhéid sin go léir ach imill a bhealaí! Ní chloisimid uaidh ach macalla cogair! Cé a thuigfeadh toirneach a chumhachta?
Iób 42:5 - An Bíobla Naofa 1981 Ní raibh agam ort ach clos tráchta, Ach anois chonaic mo shúile cinn thú. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chúala mé teachd ort le héisdeachd na cluáise: acht anois do chídh mo shúil thú. |
Ach féach! níl sa mhéid sin go léir ach imill a bhealaí! Ní chloisimid uaidh ach macalla cogair! Cé a thuigfeadh toirneach a chumhachta?
Ansin is ea a chuireann sé cogar ina gcluais, Agus a chuireann sé scéin iontu le huafáis,
Ar an ábhar sin, séanfaidh mé mo bhriathra féin, Agus déanfaidh mé aithrí sa deannach agus sa luaithreach.
An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine:
Arsa mise: Is mairg dom, tá mé caillte, óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan, tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlan agus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.
Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d'éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D'ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.
Ní fhaca aon duine riamh Dia. An tAonghin atá i gcochall chroí Dé, eisean a d'aithris.
Is ó theagasc a thagann an creideamh, mar sin, agus is trí sheanmóireacht Chríost a thagann an teagasc féin.