Bhí cúig bliana agus dhá chéad d'fhad saoil ag Tearach; ansin fuair sé bás i Hárán.
Iób 42:16 - An Bíobla Naofa 1981 Agus mhair Iób ina dhiaidh sin nó go raibh sé céad agus daichead bliain, go bhfaca a chlann féin agus clann a chlainne go dtí an ceathrú glúin. Agus mar sin d'éag Iób sa deireadh agus é ina sheanóir agus anonn sna blianta lána. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Ná dhiáighso do mhair Iób céad agus ceathrachad blíaghan, agus do chonnairc a mhic, agus mic a mhac, eadhon ceithre glúine. |
Bhí cúig bliana agus dhá chéad d'fhad saoil ag Tearach; ansin fuair sé bás i Hárán.
Mhair Iacób seacht mbliana déag i dtír na hÉigipte; ba é fad saoil Iacóib agus blianta a ré ná céad agus daichead a seacht mbliana.
Chonaic Iósaef an tríú glúin de shliocht Eafráim, agus chonaic sé leis clann Mháicír mac Mhanaise a rugadh in ucht Iósaef.
Fuair Iósaef bás agus é céad agus a deich mbliana d'aois; agus rinneadar é a bhalsamú agus a chur i gcónra san Éigipt.
Agus ní raibh le fáil sa tír uile mná chomh sciamhach le hiníonacha Iób. Agus thug a n‑athair oidhreacht dóibh i measc a ndeartháireacha.
Go bhfeice tú clann do chlainne agus séan ar Iarúsailéim. Síocháin go raibh ar Iosrael.
Seachtó bliain suim ár saolré; nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte. Saothar agus stró a sealsan; imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.
Bhí Maois céad agus a fiche bliain d'aois nuair a fuair sé bás; ní raibh a radharc teipthe ná a bhrí tráite.
Tar éis na nithe sin d'éag Iósua mac Nún seirbhíseach an Tiarna nuair a bhí deich mbliana agus céad slán aige.