An féidir duit é a cheangal sa scríob le téada Nó an ndéanfaidh sé an gleann a fhuirseadh i do dhiaidh?
Iób 39:9 - An Bíobla Naofa 1981 An bhfuil an damh allta sásta oibriú duit, Nó an oíche a chaitheamh ag do mhainséar? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An mbía an tunícorn umhal ar shéirbhís do dhéanamh dhuitse? nó an bhfanfa sí ag do mhainnséar? |
An féidir duit é a cheangal sa scríob le téada Nó an ndéanfaidh sé an gleann a fhuirseadh i do dhiaidh?
Na sléibhte raon an fhéaraigh a thaistealann sé, Agus is ansiúd a lorgann sé aon ní glas.
Óir scriosfar do naimhde, sea do naimhde, a Thiarna, agus scaipfear na hurchóidigh go léir.
Tá aithne ag an mart ar a úinéir, agus ag an asal ar chliabhán a mháistir, ach ní aithníonn Iosrael aon ní, ní thuigeann mo phobal dada.”
Tá ciníocha ag titim mar a thitfeadh damhra allta, in ionad tarbh, tá pobal gaiscíoch á leagan. Tá a dtalamh siúd múchta le fuil, agus a gcréafóg á leasú le geir.
Tugann Dia as an Éigipt amach iad; is cuma dóibh é nó adharca cama dhamh díleann.
Céadghin an tairbh, is leis an ghlóir. Adharca daimh allta a adharca agus leosan sánn sé na pobail go léir go himill an domhain. Is mar sin leis na mílte ar mhílte d'Eafráim, is mar sin le mílte Mhanaise.