“Cé a d'fhéadfadh ceachta san eagna a thabhairt do Dhia, Agus gurb é a thugann breith ar na huachtaráin?”
Iób 36:23 - An Bíobla Naofa 1981 Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige? Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: “Rinne tú éagóir”? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cía chuir a shlíghe dfiachaibh air? nó cía fheadus a rádh, Doibrigh tú éaigceart? |
“Cé a d'fhéadfadh ceachta san eagna a thabhairt do Dhia, Agus gurb é a thugann breith ar na huachtaráin?”
Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna; Is fada ó Dhia an choirpeacht Agus an éagóir ón Uilechumhachtach.
Is léir nach ndéanfaidh Dia éagóir, Agus ní chlaonann an tUilechumhachtach an bhreith;
An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú, Mise a chur san éagcóir d'fhonn thú féin a chur sa chóir?
Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithrigh tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lae úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé,
Ach má dhéanann ár gcuid urchóide fíréantacht Dé a léiriú, cad a déarfaimid? An bhfuil Dia éagórach má agraíonn sé a chuid feirge orainn? i dtéarmaí an duine atáim ag caint.
Óir “cé a thuigeann aigne an Tiarna? Nó cé a thabharfaidh comhairle dó?” Tá aigne Chríost againne, áfach.
Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,
Eisean an Charraig, níl locht ar a shaothar, mar is fíréan iad a bhealaí go léir. Dia dílis é gan éagoir; eisean an Chóir féin agus an Ceart.