Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 21:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 “Cé a d'fhéadfadh ceachta san eagna a thabhairt do Dhia, Agus gurb é a thugann breith ar na huachtaráin?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 An múinfidh duine ar bith éolus do Dhía? ó ní se breitheamhnus ar an ndroing bhíos árd.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 21:22
23 Tagairtí Cros  

Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa, Ná ní íon iad na spéartha ina radharc.


Óir cén mhairg dó a theach ina dhiaidh, Nuair atá líon a mhíonna thart?


Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne. Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.”


Féach! tá Dia á mhóradh lena neart, Cé is teagascóir mar é?


Cé a dúirt leis riamh céard a bhí le déanamh aige? Nó go raibh sé de dhánaíocht ann a rá: “Rinne tú éagóir”?


Cuir do chrios faoi do choim go fearúil; Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí dom!


Ní chuireann [Dia] a mhuinín ina searbhóntaí féin; Agus faigheann sé locht ar a aingil féin.


An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?


Salm Ásáf. 1 Éiríonn Dia sa chomhthionól diaga a thabhairt breithiúnais i lár na ndéithe.


Níl aon rud níos tairbhí do thír ná rí a bhfuil a chuid talún dea-shaothraithe.


An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?” An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?


(Ach cé a bhí i láthair ag comhairle an Tiarna? Cé a chonaic í agus a chuala a bhriathar? Cé a d'éist lena bhriathar le go bhfógróidh sé é?)


“Cé a thuig aigne an Tiarna? Nó cé a bhí riamh ina chomhairleoir aige?”


Óir “cé a thuigeann aigne an Tiarna? Nó cé a thabharfaidh comhairle dó?” Tá aigne Chríost againne, áfach.


Nach bhfuil a fhios agaibh go dtabharfaimid breith ar na haingil féin gan trácht ar nithe saolta?


Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;


Agus na haingil nár choinnigh a bhflaitheas féin, ach a d'fhág a láthair lonnaithe féin, tá siad coimeádta aige i gcuibhreacha síoraí thíos in ifreann i gcomhair bhreith an lae mhóir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí