An ndéanfaidh na briathra a spalpann tú daoine a chur ina dtost? An ndéanfaidh tú fonóid, gan duine do do bhréagnú?
Iób 34:8 - An Bíobla Naofa 1981 Agus a dhéanann caidreamh le lucht déanta an oilc Agus a shiúlann le hurchóidigh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Noch imthighios a ccuideachda na druinge oibrighíos éaigceart, agus shiubhluighios lé drochdhaóinibh. |
An ndéanfaidh na briathra a spalpann tú daoine a chur ina dtost? An ndéanfaidh tú fonóid, gan duine do do bhréagnú?
“Labhraíonn tú dála na mban baoth,” ar sé léi; “glacaimid an mhaith ó láimh Dé; nach nglacfaimid an t‑olc chomh maith?” San ainnise sin go léir níor pheacaigh Iób ó bhéal.
Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce é Do dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”
Is aoibhinn don fhear nach leanann de chomhairle lucht na héagráifeachta; nach seasann i slí na bpeacach, agus nach suíonn i gcuideachta na sotalach;
Nuair a fheiceann tú gadaí téann tú i bpáirt leis agus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais.
An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.