Ná cuireadh eagla romham aon mhairg ort, Ní luífidh mise go trom ort.
Féuch, ní dhéana múathbhas thusa eaglach, ní mó bhías mo lámh trom ort.
Bog díom do lámh, Agus ná bím ar crith le heagla romhat!
Dúirt tú i gclos mo chluas - Chuala mé na focail féin uait -
Óir ní fear é, mo dhála-sa, le go dtabharfainn freagra air, Agus go bpléifí ár gcúis le chéile.
Baineadh sé díom a shlat, Agus ná bíodh a scéin do mo sceonú;
Óir gach uile lá agus oíche ba throm orm do lámh. Go deimhin, bhí mo neart á thrá mar a bheadh le teas an tsamhraidh.
Tá mé i m'ainniseoir, i riocht bháis ó m'óige; scanraigh mé romhat gur traochadh mo neart.