Agus d'imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn.
Iób 30:17 - An Bíobla Naofa 1981 Bíonn doitheacha i mo chnámha san oíche; Bíonn pianta do mo chreimeadh gan sos. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atáid mo chnámha ar na ttolladh ionuam a naimsir na hoidhche: agus ni ghlacuid mféitheach suáimhneas. |
Agus d'imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn.
I mo luí dom deirim: “Cá huair a thiocfaidh an lá?” Ar m'éirí dom deirim arís: “Cá huair a thiocfaidh an oíche?” Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.
A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé? Is fada tú ó m'achainí agus ó bhriathra mo chneadaí.
agus mé ag screadaíl ansin go teacht na maidine; tá mo chnámha ina gconamar, mar bhrisfeadh leon iad, ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche.
Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.