D'fhág an rí go raibh airgead chomh coitianta céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.
Iób 3:15 - An Bíobla Naofa 1981 Nó le flatha a mbíodh ór ina seilbh, Agus a líonadh a dtithe le hairgead; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Nó a bhfochair phrionnsadh agá ráibh ór, noch do líon a ttighthe le hairgiod: |
D'fhág an rí go raibh airgead chomh coitianta céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.
Nó mar mharbhleanbh folaithe [nach raibh ann], Amhail naíonáin nach bhfaca riamh an solas.
Nuair a éagfaidh sé ní bhéarfaidh sé dada leis, ná ní rachaidh a rachmas chun na huaighe leis.
Tá a ndúiche lán airgid agus óir agus níl deireadh go deo lena dtaiscí; tá a ndúiche lán de chapaill agus níl deireadh lena gcarbaid;
Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.
Tá an Tuír tar éis daingean a thógáil di féin, agus airgead a charnadh mar dheannach, agus ór a chnuasach mar lathach na sráideanna.
Ach d'fhreagair Balám teachtaí Bhálác: “Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d'ór agus d'airgead dom, ní fhéadfainn aithne an Tiarna mo Dhia a shárú in aon ní beag ná mór.