Nuair a ghabh mé amach go geata na cathrach, Nuair a shuigh mé in áit an mhargaidh,
Iób 29:8 - An Bíobla Naofa 1981 Chonaic na hógánaigh mé agus chuaigh siad i leataobh, Agus d'éirigh na seanóirí ina seasamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chídís na daóine óga mé, agus dfolchaidis íad féin: agus do éirgheadh an társuidh, agus do sheasadh súas. |
Nuair a ghabh mé amach go geata na cathrach, Nuair a shuigh mé in áit an mhargaidh,
Éirigh i do sheasamh don cheann liath agus bíodh urraim agat don duine aosta, agus bíodh eagla do Dhé ort. Mise an Tiarna.
Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin d'fhear na cánach agus an dleacht d'fhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis.
Cuir i gcuimhne dóibh bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais; bheith géilliúil agus ullamh chun gach gníomh fónta a dhéanamh;
Tugaigí onóir do chách; bíodh grá agaibh don bhráithreacht; bíodh eagla oraibh roimh Dhia agus bíodh ómós agaibh don impire.
Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”