Iób 29:22 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhíodh deireadh ráite agam ní labhraidís arís, Agus thit mo fhocla orthu ceann ar cheann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tar éis mo bhriathar ní labhraidís a rís; agus do shileadh mo ghlor orra. |
Bhídís ag feitheamh liom mar a bheidís leis an mbáisteach. Agus d'osclaídís a mbéal mar a dhéanfaidís don bháisteach dhéanach.
Béilín meala, a bhrídeach, mar an criathar ag sileadh; mil agus bainne faoi do theanga go cinnte; boladh cumhra ar d'éadach mar chumhracht na Liobáine.
is amhlaidh fós a bheidh alltacht ar an iomad ciníocha; fágfar ríthe ina mbalbháin os a chomhair. Óir feicfidh siad rud nach raibh insint scéil air agus breathnóidh siad rud nár chualathas a leithéid riamh:
“A mhic an duine, iompaigh ó dheas; labhair amach in aghaidh an deiscirt; tairngir in aghaidh fhoraois Neigib.
Nuair a labhraíodh Eafráim, thagadh creathnú ar dhaoine: óir ba cheannasach in Iosrael é. Ach fuarthas ciontach é mar gheall ar Bhál agus tá sé ag fáil bháis.
Mar sin éist le briathar an Tiarna: Deir tusa: “Ná tairngir i n‑aghaidh Iosrael, ná bí ag seanmóireacht in aghaidh theach Íosác.”
“Ná déanaigíse praeitseáil” - sin é a bpraeitseáil siúd - “Ní ceart daoibh bheith ag rámhaillíocht mar seo; ní thógfar an náire chun siúil go deo.”
Agus beidh fuílleach Iacóib i measc a lán náisiún mar a bheadh an drúcht a thagann ón Tiarna nó mar bhraonta báistí ar an bhféar glas. Ní chuirfidh siad a muinín as aon fhear; ní bheidh siad ag tnúth le cabhair ó mhuintir an tsaoil seo.
Ach ní fhéadfadh aon duine focal a rá á fhreagairt, ná ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air ón lá sin amach.
Go dtite mo theagasc mar an fhearthainn; go sile mo ghlór mar an drúcht mar an fhearthainn bhog ar an bhféar bláith, agus mar cheathanna ar lusra an bháin.