Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eizicéil 21:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “A mhic an duine, iompaigh ó dheas; labhair amach in aghaidh an deiscirt; tairngir in aghaidh fhoraois Neigib.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 A mhic an duine, suighidh haghaidh leath ré Ierusalem, agus sil do bhríathar leath ris a náit náomhtha, agus tairrghir a naghaidh thíre Israel,

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 21:2
21 Tagairtí Cros  

Nuair a bhíodh deireadh ráite agam ní labhraidís arís, Agus thit mo fhocla orthu ceann ar cheann.


Trí do ghiollaí thug tú masla don Tiarna. Dúirt tú: Le hiomad mo charbad chuaigh mé suas ar mhullach na sléibhte, ar bheanna iargúlta na Liobáine. Ghearr mé anuas an chuid is airde dá céadrais, an chuid is áille dá cufróga. Bhain mé amach an ascaill is uaigní ann agus na cluainte i lár a cuid caschoille.


Dá bhrí sin, tairngir ina gcoinne, tairngir, a mhic an duine!”


Tháinig briathar an Tiarna chugam:


“Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg don chathair fhuilteach! Déanfaidh mise craos tine.


“A mhic an duine, iompaigh i dtreo na nAmónach agus tairngir ina n‑éadan.


“A mhic an duine, iompaigh i dtreo Shíodóine agus tairngir ina héadan.


“A mhic an duine, iompaigh i dtreo Fhorainn, rí na hÉigipte, agus tairngir ina éadan agus in éadan na hÉigipte uile.


A mhic an duine, tairngir do shléibhte Iosrael, agus abair: A Shléibhte Iosrael, éistigí le briathar an Tiarna.


“A mhic an duine, iompaigh i dtreo Ghóg, i dtír Mhágóg, ardphrionsa Mheisic agus Thúbál, agus tairngir ina choinne.


Glac chugat oigheann iarainn agus suigh é mar bhalla iarainn idir tú féin agus an chathair; agus iompaigh ina treo agus bíodh sí faoi léigear agus tusa ag brú an léigir. Is comhartha é seo do mhuintir Iosrael.


Iompóidh tú d'aghaidh i dtreo léigear Iarúsailéim, nochtfaidh tú do ghéag agus tairngreoidh tú in aghaidh na cathrach sin.


“A mhic an duine, iompaigh i dtreo shléibhte Iosrael agus tairngir ina gcoinne.


Mar sin éist le briathar an Tiarna: Deir tusa: “Ná tairngir i n‑aghaidh Iosrael, ná bí ag seanmóireacht in aghaidh theach Íosác.”


Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.


“Ná déanaigíse praeitseáil” - sin é a bpraeitseáil siúd - “Ní ceart daoibh bheith ag rámhaillíocht mar seo; ní thógfar an náire chun siúil go deo.”


Agus guígí ormsa chomh maith, le hionchas, nuair a osclóidh mé mo bhéal, go dtabharfar dom labhairt go dána agus rún an dea-scéil a fhógairt -


Go dtite mo theagasc mar an fhearthainn; go sile mo ghlór mar an drúcht mar an fhearthainn bhog ar an bhféar bláith, agus mar cheathanna ar lusra an bháin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí