Ní bheidh síol ná sliocht air i measc a chine, Ná comharba air ina áit chónaithe.
Iób 27:15 - An Bíobla Naofa 1981 Déanfaidh an bás an mhuintir a bheidh fágtha a adhlacadh, Agus ní dhéanfaidh a mbaintreacha olagón. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An drong mhairfios úadha adhlaicthar annsa bhás íad: agus ní ghuilfid a bhaintreabhacha. |
Ní bheidh síol ná sliocht air i measc a chine, Ná comharba air ina áit chónaithe.
Thit a gcuid sagart leis an gclaíomh; agus ní dhearna a mbaintreacha a gcaoineadh.
Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá: “Bás don fhear sin! Ná caoinigí é: ‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’ Ná caoinigí ar a shon: ‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’
Caithfidh sibh an turban ar bhur gcinn agus na cuaráin ar bhur gcosa; ní dhéanfaidh sibh gol ná gearán, ach cnaífidh sibh de bharr bhur bpeacaí, mairgneoidh sibh in bhur measc féin.