An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?
Iób 27:11 - An Bíobla Naofa 1981 A mhalairt! Taispeánfaidh mé daoibh cé mar oibríonn cumhacht Dé, Gan aon chuid de bheartais an Uilechumhachtaigh a cheilt. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Múinfidh misi sibh maille re láimh Dé: an ní atá ag a Nuilechumhachtach, ní cheiliomsa é? |
An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?
Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad, Ní chuirfeadh sibh bhur n‑anáil amú ar bhriathra baotha.
Bheadh sé fós mar shólás agam - Agus bheinn daingean i bpian gan taise - Nár shéan mé briathra an té is Naofa.
Thug tú teagasc dom ó m'óige, a Dhia, agus bhíos ag fógairt do mhóréachtaí go dtí seo.
Óir is amhlaidh seo a labhair an Tiarna liom, nuair a rug a lámh orm chun mé a cheapadh ó shlí an phobail seo a leanúint.
nár cheil mé oraibh rud ar bith a rachadh chun sochair daoibh ach é a fhógairt agus a theagasc daoibh os comhair an tsaoil agus in bhur dtithe;
Seo mise ag teagasc dlíthe agus reachtanna daoibh, mar a d'aithin an Tiarna mo Dhia dom, le comhlíonadh agaibh sa tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air.