Deir sibh: “Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n‑uiscí; Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh. Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.
Iób 24:6 - An Bíobla Naofa 1981 Ní mór dóibh fómhar a bhaint i ngort duine eile, Agus na caora fáin a phiocadh i bhfíonghort an urchóidigh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Beanuidh gach aon aca a arbhar annsa mhachaire: agus cruinnighid fíneamhuin an drochdhuine. |
Deir sibh: “Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n‑uiscí; Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh. Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.
Imíonn siad amach faoin bhfásach ar nós na n‑asal fiáin, Agus ocras a gclainne [á ngriogadh] Chun bia a lorg sna steipeanna loma.
Caitheann siad an oíche tarrnocht, gan éadach, Gan brat lena gcosaint ón bhfuacht.
Má ith mé a thoradh gan díol as, Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe,
Cuirfidh tú síol ach ní bhainfidh tú fómhar; satlóidh tú caora olóige ach ní ungfaidh tú thú féin leis an ola choíche; pasálfaidh tú caora fíniúna ach ní ólfaidh tú braon den fhíon.
Cine nach eol duit, íosfaidh siad toradh d'ithreach agus do shaothair; ní bheidh tusa ach do do chrá agus do do bhrú de shíor.
Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar d'airnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú.