Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 24:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Caitheann siad an oíche tarrnocht, gan éadach, Gan brat lena gcosaint ón bhfuacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Do bheirid ar an tárnochd luighe gan éadach, go nach bí folach aca annsa bhfúachd.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 24:7
11 Tagairtí Cros  

Shearg an brothall sa lá mé agus chiap an fuacht san oíche mé, agus d'fhág an codladh slán ag mo shúile.


Bhítheá ag éileamh geall gan chúis ar do bhráithre, Agus ag sciobadh a gcuid éadaigh ón mbocht.


Téann siad timpeall tarrnocht le heaspa éadaigh, Agus iompraíonn siad na punanna agus iad gan bhia.


Ní mór dóibh fómhar a bhaint i ngort duine eile, Agus na caora fáin a phiocadh i bhfíonghort an urchóidigh.


Fliuchtar go craiceann iad ó fhearthainn na sléibhte, Agus le heaspa fothana, síneann siad le taobh carraige.


Ní eagla léi sneachta a theacht ar a teaghlach, mar go bhfuil éadach [cluthair] ar a seirbhísigh go léir.


do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais, dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh, éadach a chur ar an té a fheiceann tú nocht agus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire.


Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí