Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 24:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Ní mór dóibh fómhar a bhaint i ngort duine eile, Agus na caora fáin a phiocadh i bhfíonghort an urchóidigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Beanuidh gach aon aca a arbhar annsa mhachaire: agus cruinnighid fíneamhuin an drochdhuine.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 24:6
8 Tagairtí Cros  

Deir sibh: “Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n‑uiscí; Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh. Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.


Imíonn siad amach faoin bhfásach ar nós na n‑asal fiáin, Agus ocras a gclainne [á ngriogadh] Chun bia a lorg sna steipeanna loma.


Caitheann siad an oíche tarrnocht, gan éadach, Gan brat lena gcosaint ón bhfuacht.


Má ith mé a thoradh gan díol as, Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe,


Cuirfidh tú síol ach ní bhainfidh tú fómhar; satlóidh tú caora olóige ach ní ungfaidh tú thú féin leis an ola choíche; pasálfaidh tú caora fíniúna ach ní ólfaidh tú braon den fhíon.


Cine nach eol duit, íosfaidh siad toradh d'ithreach agus do shaothair; ní bheidh tusa ach do do chrá agus do do bhrú de shíor.


Íosfaidh siad an bhreis a bheidh ar d'airnéis agus toradh do thalún nó go scriosfar thú; fágfaidh siad thú gan arbhar gan fhíon, gan ola, gan breis ar do airnéis, ná breis ar do thréad, nó go ndíothóidh siad thú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí