Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 23:7 - An Bíobla Naofa 1981

Is duine ionraic a bheadh ag argóint leis Agus bhuafainn mo chás go dearfa.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Annsin do fhéadfadh an firéun aighnios ris; marsin do bhéinnsi sáor go bráth óm bhreithiomh.

Féach an chaibidil



Iób 23:7
10 Tagairtí Cros  

Sé a bheidh mar shlánú agam, Nach coirpeach atá ag teacht os a chomhair.


Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach; B'áil liom áiteamh le Dia.


Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.


Fág go bhfuilim sa cheart, ní fhéadfainn freagra a thabhairt. Óir an té a chúisím, is é freisin is breitheamh.


Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal, a deir an Tiarna. Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad.


Is ceart atá tú, a Thiarna, nuair a dhéanaim casaoid ort. Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú. Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine? Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?


An leanfaidh sé dá fhearg go brách, an gcoinneoidh sé an racht go deireadh?’ Sin a dúirt tú, ach ina dhiaidh sin níor scoir tú den pheacú, bhí tú chomh ceanndána sin.”


Níl aon daorbhreith anois, mar sin, ar an muintir atá in Íosa Críost,