Sa bhliain sé chéad d'aois Naoi, sa dara mí, agus sa seachtú lá déag den mhí sin - an lá sin féin phléasc toibreacha uile an duibheagáin mhóir, agus osclaíodh comhlaí uisce neimhe.
Iób 22:16 - An Bíobla Naofa 1981 Sciobadh iadsan ar shiúl in antráth, Agus scaoileadh abhainn thar a láithreacha boinn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Noch do gearradh síos roimhe am, ar báitheadh a mbunáit lé tuile: |
Sa bhliain sé chéad d'aois Naoi, sa dara mí, agus sa seachtú lá déag den mhí sin - an lá sin féin phléasc toibreacha uile an duibheagáin mhóir, agus osclaíodh comhlaí uisce neimhe.
Mar a chaitheann na huiscí na clocha, Mar a scuabann an tuile luaithreach na talún leis, - Sin mar a scriosann tú dóchas an duine.
Deir sibh: “Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n‑uiscí; Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh. Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.
Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré, Arb é an luaithreach a mbunús, A bhruítear mar an leamhan!
Caith do chúram ar an Tiarna agus déanfaidh sé taca duit; ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle as an bhfíréan go brách.
Féach, seo chugainn duine cumhachtach tréan ón Tiarna, mar bheadh siabadh clocha sneachta ann, mar bheadh stoirm dhíobhálach, mar bheadh díle d'uiscí tréana ag cur thar bruach; agus caithfidh sé síos lena láimh iad ar lár.
murar lig sé leis an domhan fadó ach gur chumhdaigh sé Naoi, callaire na fíréantachta, mar aon le seachtar eile, nuair a scaoil sé díle ar dhomhan na n‑éagráifeach;