“Téanam,” ar siad, “agus tógaimis cathair dúinn féin, agus túr agus a bharr ag baint neimhe amach in airde. Tuillimis clú dúinn féin sula scaipfí ar fud chlár na cruinne go léir sinn.”
Iób 20:6 - An Bíobla Naofa 1981 Fág go mbeadh sé chomh hard leis an spéir Agus go sroichfeadh a cheann na néalta, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Matá go néirghionn a oirdhearchus súas gus na neamhuibh, agus go roithchionn a cheann na néulla; |
“Téanam,” ar siad, “agus tógaimis cathair dúinn féin, agus túr agus a bharr ag baint neimhe amach in airde. Tuillimis clú dúinn féin sula scaipfí ar fud chlár na cruinne go léir sinn.”
Dá mba ea go n‑éireodh an Bhablóin suas chun neimhe, nó dá neartódh sí a dúnfort buacach, ina dhiaidh sin is uile thiocfadh scriosadóirí ar m'ordú anuas uirthi - an Tiarna a labhraíonn.
Má thochlann siad a mbealach go Seól tarraingeoidh mo lámhsa as iad; má dhreapann siad go harda neimhe cuirfidh mé d'iallach orthu teacht anuas.
Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú! óir, dá mba i Sodom a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu.