agus rug sí clann dó: Zimreán agus Iocseán agus Madán agus Midián agus Isbeác agus Siúach.
Iób 2:11 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a fuair cairde Iób tuairisc ar an mí-ádh seo go léir a thit air, d'fhág gach duine díobh an baile - Eilífeaz ó Théamán, Bildead ó Shiúach agus Zófar ó Namát - rinneadar coinne le chéile agus bheartaíodar dul agus comhbhrón a dhéanamh leis agus sólás a thabhairt do. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Anois a nuáir do chúaluidh tríur carad Iób an tolcso uile tháinic air, tháinic gach aon aca ón áit féin; Eliphas an Temaníteach, agus Bildad an Suhiteach, agus Sophar an Naamatiteach: óir do rinneadar ionad coinne re chéile do theacht do dhéanamh doilghis leis agus dá chomhfurtachd. |
agus rug sí clann dó: Zimreán agus Iocseán agus Madán agus Midián agus Isbeác agus Siúach.
Seo iad taoisigh chlann mhac Éasau: Clann mhac Eilífeaz, céadghin Éasau: an taoiseach Téamán, an taoiseach Ómár, an taoiseach Zafó, an taoiseach Canaz,
Tháinig a chlann mhac agus a chlann iníonacha go léir chuige le sólás a thabhairt dó, ach ní ghlacfadh sé sólás ar bith, á rá: “Ní dhéanfaidh mé. Rachaidh mé síos ag sileadh na ndeor go Seól fara mo mhac.” Sin mar a chaoin a athair é.
Clann mhac Chatúrá, leannán Abrahám: rug sí clann mhac dó: Zimreán, Iocseán, Madán, Midián, Isbeác, Siúach. Clann mhac Iocseán: Seabá agus Dadán.
Chaoin Eafráim a n‑athair iad ar feadh mórán laethanta agus tháinig a dheartháireacha chun sólás a thabhairt dó.
Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige; Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir!
Nach minic a chuala mé a leithéid sin go léir cheana! Nach ainnis an lucht sóláis sibh!
Is fuath le mo chairde cléibh mé, Agus an mhuintir dá dtug mé grá, d'iompaigh siad i m'aghaidh.
Bíodh trua agaibh dom, a chairde liom, bíodh trua agaibh dom, Óir threascair lámh Dé mé.
A dheartháireacha go léir agus a dheirfiúracha go léir, agus gach duine a raibh aithne acu air roimhe sin tháinig siad go léir á fhiosrú, agus shuigh siad chun boird leis ina theach. Bhí siad go báúil cneasta leis, ag tabhairt sóláis dó de bharr an oilc go léir a thug an Tiarna sa mhullach air. Thug gach duine díobh bonn airgid agus fáinne óir dó.
Nuair a bhí an méid sin ráite ag an Tiarna le Iób, dúirt an Tiarna le hEilífeaz ó Théamán: “Tá fraoch feirge orm i d'aghaidhse agus in aghaidh do bheirt chairde, mar nár inis sibh an fhírinne fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.
D'imigh Eilífeaz óThéamán, Bildead ó Shiúach, agus Zófár ó Namát, leo d'fhonn déanamh mar a d'ordaigh an Tiarna, agus ghlac an Tiarna le guí Iób.
Nuair a thréigeann a chara an té atá in éadóchas, tugann sé droim láimhe le heagla an Uilechumhachtaigh.
Bíonn carbháin Théamá ag súil leo, Agus is astu a bhíonn a muinín ag buíonta Sheaba.
[Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste, ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.
Ná tréig do chara, ná cara d'athar; ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste. Is fearr comharsa i mbéal an dorais ná deartháir i bhfad ó bhaile.
Tá an dá olc seo tar éis teacht ort - cé a bheadh ag maíomh do dhóigh ort? Creach agus scrios, claíomh agus gorta, - cé a thabharfadh sólás duit?
I dtaobh Eadóm. Is mar seo a deir an Tiarna: “An é nach bhfuil críonnacht fágtha i dTéamán? Ar imigh a chomhairle ón [nglic]? An ndeachaigh a eagna ar neamhní?
Beidh uafás ar do churaidh, a Théamán, i dtreo go ndíothófar gach duine ó Shliabh Éasau.”
Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár.
Dá chionn sin, má bhíonn tinneas ar bhall amháin bíonn na baill go léir i gcomhphian leis, agus má bhíonn ball faoi mheas, bíonn na baill go léir ag déanamh comhghairdis leis.
Cuimhnígí ar na daoine atá i bpríosún amhail is dá mbeadh sibh féin i bpríosún leo. Cuimhnígí freisin ar na daoine atá ag fulaingt drochíde mar tá sibhse féin ar an aiste chéanna leo.