Nuair a fuair cairde Iób tuairisc ar an mí-ádh seo go léir a thit air, d'fhág gach duine díobh an baile - Eilífeaz ó Théamán, Bildead ó Shiúach agus Zófar ó Namát - rinneadar coinne le chéile agus bheartaíodar dul agus comhbhrón a dhéanamh leis agus sólás a thabhairt do.
Nuair a bhí an méid sin ráite ag an Tiarna le Iób, dúirt an Tiarna le hEilífeaz ó Théamán: “Tá fraoch feirge orm i d'aghaidhse agus in aghaidh do bheirt chairde, mar nár inis sibh an fhírinne fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.