Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air; Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air, Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe.
Iób 19:12 - An Bíobla Naofa 1981 Tháinig a fhorsaí i m'aghaidh in éineacht, Thug siad ruathar fúm, Agus chuir léigear ar mo bhoth. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tigíd a bhuidhne a ccionn a chéile, agus tógbhuid súas a slighe am aghaidh, agus suighid timchioll fa gcuáirt mo thighe. |
Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air; Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air, Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe.
Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach, Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach.
Agus tá a urchair á gcaitheamh ar gach taobh díom. Goineann sé mé sna leasracha, gan trua gan taise; Tá mo dhomlas á dhoirteadh aige ar an talamh.
Ar dheis, tá an ghramaisc ag éirí i mo choinne, Agus ag caitheamh asachán [liom], Agus ag céimniú go bagrach i m'aghaidh.
Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh.
Cuirfidh mé isteach i lámha lucht do chéasta é, iad sin a deireadh leat: “Luigh fút, agus siúlfaimid sa mhullach ort.” Agus dhéantá cabhsa as do dhroim, mar a bheadh bealach mór ann le haghaidh lucht siúil.