Iób 19:11 - An Bíobla Naofa 1981 D'adhain sé a fhearg i m'aghaidh, Agus d'áirigh sé mé mar namhaid dó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do adhain sé mar an gcéadna a dhioghaltas am aghaidh, agus measuidh sé mé dhó féin mar aén da naimhde. |
Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air; Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air, Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe.
Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa; Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m'aghaidh Agus tá mo naimhde ag stánadh orm.
Táimid dár gcnaí go dearfa le d'fhearg; scanraítear sinn le dásacht do dhíbheirge.
Theann sé a bhogha mar namhaid agus dhaingnigh sé a dheaslámh mar eascara; rinne sé ár orthu siúd ar lán a shúl iad tráth; lig sé a racht amach mar thine ar bhoth iníon Shíón.
D'iompair an Tiarna é féin mar namhaid; rinne sé Iosrael a mhilleadh; scartáil sé a caisleáin go léir; leag sé a dúnta daingne; mhéadaigh sé an éagaoin agus an t‑éagnach a bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.
Las tine as mo fhearg, agus dófaidh sí go híochtar Sheól; alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir, loiscfidh sí máithreacha na sléibhte.