Ar chóir do dhuine gaoismhear freagairt le heolas baoth? Agus a bholg a líonadh le gaoth anoir?
Iób 16:3 - An Bíobla Naofa 1981 An mbeidh deireadh le bladhgar briathar? Nó cad a ghoill ort gur fhreagair tú mé? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An mbiáidh deireadh ar bhríathruibh díomhaóine? nó créd ní thusa dána as a bhfreagrann tú? |
Ar chóir do dhuine gaoismhear freagairt le heolas baoth? Agus a bholg a líonadh le gaoth anoir?
Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad, Ní chuirfeadh sibh bhur n‑anáil amú ar bhriathra baotha.
An rachaidh aon stad ar an gcaint sin agat? Agus ar an ngaoth mhór sin ó do chlab?
Ach ní fhéadfadh aon duine focal a rá á fhreagairt, ná ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air ón lá sin amach.
Ní mór iad sin a chur ina dtost, mar go múineann siad nithe nach cuí agus go gcuireann siad teaghlaigh iomlána ó rath ar mhaithe le breis shuarach.
agus ar chomhrá folláin gan locht, rud a chuirfidh mearbhall ar do chéile comhraic toisc gan aon ní táir a bheith aige le casadh linn.
Mar sin a bhí, bliain i ndiaidh na bliana; gach uair dá dtéadh Hanná suas go teach an Tiarna, bhíodh Pinineá ag caitheamh achasán léi. Bhíodh Hanná ag gol dá bharrsan agus ní chaitheadh sí greim bia.