Beidh mallacht ort feasta agus tú ar díbirt ón talamh seo a d'oscail a bhéal agus a ghlac fuil do dhearthár ó do láimh.
Iób 16:18 - An Bíobla Naofa 1981 Ná clúdaigh m'fhuil, a chré, Agus ná bíodh áit suaimhnis ag m'olagón. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) O a úir, na foluighse mhfuil, agus ná faghadh méighiomh ionad ar bith. |
Beidh mallacht ort feasta agus tú ar díbirt ón talamh seo a d'oscail a bhéal agus a ghlac fuil do dhearthár ó do láimh.
Agus deireadh ár naimhde: “Tiocfaimid aniar aduaidh orthu gan fhios gan radharc acu, ansin déanfaimid iad a threascairt agus deireadh a chur leis an ngnó seo.”
Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha, iompaím mo shúile uaibh. A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht. Tá bhur lámha lán fola.
Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.
Óir tá a fuil ina lár fós. D'fhág sí í ar charraig lom; níor dhoirt ar an talamh lena ceilt faoin deannach.