Iób 15:35 - An Bíobla Naofa 1981 Óir gineann siad mailís agus beireann siad an urchóid, Agus déanann a mbroinn an chalaois a réiteach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Toirrchear ó urchóid íad, agus beirid síad olc, agus ullmhuigh a mbolg mealltóireacht. |
Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóid Agus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar.
Bhí an t‑urchóideach torrach ar an olc ghabh sé an mhioscais agus shaolaigh an feall.
Shaothraigh sibh an t‑olc; ba í an chlaidhreacht bhur bhfómhar, agus d'ith sibh toradh an éithigh. Ó tá muinín agat as do chumhacht féin agus as oll-líon do laochra,
Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.
agus an ainmhian, nuair a ghabhann sí gin, saolaíonn sí peaca, agus nuair a bhíonn an peaca i mbun a mhéide bíonn an bás mar mhac aige.