Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Hóisé 10:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Shaothraigh sibh an t‑olc; ba í an chlaidhreacht bhur bhfómhar, agus d'ith sibh toradh an éithigh. Ó tá muinín agat as do chumhacht féin agus as oll-líon do laochra,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Do threabhabhair urchóid, do bheanabhair éicceart; ditheabhair toradh na mbréug: do bhrígh gur dhóthchusaigh tú ann do shlíghe, a niomadamhlacht do dhaóine cumhachtach.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 10:13
19 Tagairtí Cros  

Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóid Agus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar.


Ní neart a shlua a thugann bua do rí; ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch.


Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo.


Níl san Ádhamhchlann ach puth anála, níl sna huaisle ach bréag; nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uile ná an phuth anála féin.


Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh, agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.


Maireann beola fírinneacha go brách; ach is gairid é saol na teanga bréagaí.


Caitheann an fear maith bia fónta, toradh briathra a bhéil; ach is ar an bhforéigean a chothaítear goile na bhfeallairí.


Ní rachaidh an finné bréige gan phionós, agus ní rachaidh fear na mbréag slán.


An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige; air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh.


Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.


an lá a gcuireann tú iad, bíonn siad ag geamhrú agat, agus le teacht na maidine bíonn bláth ar do churadóireacht; ach beidh an fómhar millte lá an léin, agus an phian gan leigheas.


ach tá mallachtú agus éitheach agus feallbhású, agus goid agus adhaltranas á n‑iomadú féin sa tír, agus dúnmharuithe ag baint na sál dá chéile inti.


Is é peaca mo phobail a chothaíonn iad, agus is ina urchóid siúd atá mian a gcroí.


Le teann mioscaise déanann siad sult don rí agus as corp camastaíola bíonn siad ag spraoi leis na flatha freisin.


Gaoth a síol, gála a bhfómhar! Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh, ná ní thabharfaidh sé plúr; agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é.


(Seanfhocal le sinsireacht é: ‘Tagann an urchóid ón duine urchóideach,’ ach ní leagfaidh mise lámh ort.)


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí