Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 13:25 - An Bíobla Naofa 1981

An ndéanfaidh tú duilleog ghaoithe a chiapadh, Agus dias chríon a thóraíocht?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

An mbrisfidh tú duilléog teilgthe anonn sa nall? agus an ngérleanfa tú an connlach tirim?

Féach an chaibidil



Iób 13:25
7 Tagairtí Cros  

An ar a leithéid sin a leagann tú do shúil Agus a thugann tú le breith a thabhairt air os do chomhair?


Cad chuige a ndéanann sibh mé a chiapadh ar nós Dé? Nach bhfuil bhur sáith de m'fheoil ite agaibh?


An cuma iad nó diasa á séideadh ag an ngaoth, Nó cáith a scuabadh ag an stoirm?


Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.


Maidir leo siúd a fhágfar, seolfaidh mé lagar isteach ina gcroí i gcríocha a naimhde; cuirfidh siosarnach duilleoige le gaoth an teitheadh orthu agus teithfidh siad mar a theithfeadh duine ón gclaíomh; titfidh siad gan fear ar a dtóir.


Ní bhrisfidh sé an ghiolcach leonta ná ní mhúchfaidh sé buaiceas an deataigh, nó go mbéarfaidh sé an reacht chun bua.


(Seanfhocal le sinsireacht é: ‘Tagann an urchóid ón duine urchóideach,’ ach ní leagfaidh mise lámh ort.)