Níl in bhur seanfhocail ach nathanna luaithrí, Agus freagraí cré bhur bhfreagraí!
Iób 13:11 - An Bíobla Naofa 1981 Nach gcuirfidh a mhórgacht scanradh oraibh? Agus nach dtitfidh a uafás sa mhullach oraibh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Nach déana a oirdhearcussan eaglach sibh? agus nach ttuitfidh a úamhan oruibh? |
Níl in bhur seanfhocail ach nathanna luaithrí, Agus freagraí cré bhur bhfreagraí!
Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm, Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta.
Tháinig scéin agus scanradh orthu; mar gur thréan í do lámh, bhíodar gan cor astu dála na cloiche; go ndeachaigh do phobal thar bráid, a Thiarna; go ndeachaigh an pobal a d'fhuascail tú thar bráid.
Tiarna na Slua, is é nach mór a naomhú; roimhesean a bheidh eagla oraibh, agus uamhan.
Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo. Is é an Rí síoraí é. Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg, ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.
Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.
“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.