Iób 12:16 - An Bíobla Naofa 1981 Tá neart ann agus teacht aniar; Is leis an dul amú agus an cur amú; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus aigesion atá an neart agus an gliocus: is leis an té mealltar agus an té mheallas. |
An mbeidh an scéal ar fónamh nuair a dhéanfaidh sé sibh a phromhadh? An meallfaidh sibh eisean, mar a mheallfaí daoine?
Ach tá fhios agam anois gur spiorad sa duine, Agus anáil ón Uilechumhachtach a thugann tuiscint.
Óir is é an Tiarna féin a thugann an eagna, agus is as a bhéal a thagann an grinneolas agus an tuiscint.
Ina dhiaidh sin féin, tá an Tiarna seiftiúil go leor chun an tubaiste a chur faoi deara freisin; ní dual dó dul siar ar a fhocal, ach éireoidh sé amach in éadan baicle na n‑urchóideach, ina gcoinne siúd a chuidíonn le lucht na míghníomhartha.
Má bhíonn an fáidh meallta, mise, an Tiarna, a mheall an fáidh sin; sínfidh mé amach mo lámh ina choinne agus scriosfaidh mé é as lár mo phobail, Iosrael.